Eolas Faoin Scoil / About Us:

409 ar na rollaí do 2024–25 le 22 Múinteoir (16 Múinteoir Ranga, 6 idir Múinteoir Acmhainne is  Múinteoirí Tacaíochta Fóghlamtha agus PríomhOide Riaracháin)

409 enrolled for 2024-25 with 22 Teachers (16 Class teachers, 6 between Resource and Learning Support Teachers and an Administrative Principal.

Freastlaíonn sé ar cheantar tuaithe a théann ó Chor an Dola agus ó Bhaile Chlár na Gaillimhe go Baile an Dóirín ó dheas. Ó Chreachmhaoil thoir go Ros Cam thiar. Uarán Mór agus Droichead a’Chláirin an dá pharóiste is mó go dtagann na gasúir as. 3 Bhus Scoile ag freastal orainn.

The school serves the rural area that stretches from Correndula and Claregalway to Ballindereen to the south. Also from Craughwell to Roscam. Oranmore and Clarinbridge are the main centres from which pupils come. 3 School Buses serve the school.

 

Gaelscoil is ea gnáthScoil Náisiúnta de chuid na hÉireann go múintear a gcuid ábhar ar fad, seachas Béarla féin, trí mheán na Gaeilge agus gurb í Gaeilge teanga bainistíochta na scoile. I nGaelscoil de hÍde tá polasaí luath-tumoideachais i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, ní mhúintear Béarla go dtí Eanáir na dara bliana, sé sin, Naíonáin Mhóra.

*A Gaelscoil is an ordinary National School of the Irish State that teaches all school subjects, except English, through the medium of the Irish Language. Irish is also the management language of the school. In Gaelscoil de hÍde an early immersion policy applies and accordingly, English, as a subject doesn’t commence until after Christmas of the second year, Naíonáin Mhóra.

 

Naíonra Ghaelscoil de hÍde:

Lonnaithe anseo chomh maith. Seisiúin ar maidin (8.30am – 11.30am).

All-Irish Playschool. Located on the same site. Morning sessions (8.30am - 11.30am).

 

Am Chláir an Lae:

8.20am - Osclaíonn doirse na scoile

8.40am - Buaileann an clog  agus tosaíonn obair an lae.

10.15am – 10.30am: Sos na maidine ag Naíonáin Beaga, Mhóra, Rang a trí agus Rang a 5

10.30am - 10.45am: Sos na maiden ag Ranganna, 1,2,4 & 6

12.00pm - 12.25pm: Am loin ag Naíonáin Beaga, Mhóra, Rang a trí agus Rang a 5

12.35pm – 1.00pm: Am loin ag Ranganna, 1,2,4 & 6

1.20pm - Téann na Naíonáin abhaile

2.20pm - Téann gach duine abhaile

 

#Back to top