Rang a Cúig - Múinteoir Síle
Rang a 5 Síle i mbun gleacaíochta sa rang chorpoideachais an tseachtain seo caite. Bhí siad ag léim, ag rolladh agus ag déanamh cleas an rotha. Bhain siad an taitneamh as na gníomhaíochtaí éagsúla.
Tionscnamh Spás Rang a 5 Síle
Cór na nÓg - Múinteoir Mairéad de Paor
Ghlac an dá Rang a 5 páirt i Cór na nÓg i mbliana. Ba bhliain speisialta é mar bhí siad ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód. Bhí oíche thar a bheith speisialta i Leisureland ar an 10 Aibreán. Bhí mé féin agus múinteoir Síle chomh bródúil as na páistí agus ba mhór an onóir dúinn a bheith ann.
Ina theannta sin chuaigh ceathrar as mo rang agus triúr as rang Shíle ar aghaidh go dtí an National Concert Hall ar an 11 Bealtaine. B’iad sin Niamh Ní Dhálaigh, Emma Ní Thiarnáin, Jane Ní Fhuaruisce, Aoife Mai Ní Chuinn, Niamh Ní Fhearghaile, Ruairí Mag Raollaigh agus Cian Ó Coirbín.
Comhghairdeachas leo agus is cúis mór mórtas dúinn mar scoil agus dá muintir iad sin agus na páistí ar fad.