Rang a hAon - Múinteoir Christina
Tá rang s’againne ag brionglóidí ar a bheith amuigh sa pháirc spraoi san aimsir bhreá seo!
Bhí muid ag caint agus ag comhrá faoin bpáirc spraoi agus na rudaí is fearr linn agus muid ag súgradh. Shocraigh muid ár bpáirc spraoi féin a dhearadh trí phictiúir a tharraingt
Ansin shocraigh muid ár bpáirc spraoi a thógáil le Lego. Bhí smaointe den scoth ag na páistí agus iad ag obair ina gcuid grúpaí beaga. Bhí siad an–chruthaitheach go deo agus iad ag cur a gcuid píosaí Lego lena chéile freisin.
Bhí muid ag foghlaim faoi bhláthanna an tsamhraidh an tseachtain seo. Thaitin Lus na Gréine go mór linn agus mar sin shocraigh muid ár gcuid síolta féin a chur inniu. Beidh orainn aire mhaith a thabhairt dár gcuid plandaí agus iad ag fás.