Rang a Trí - Múinteoir Deirdre

Tá cairde nua againn i  Rang a 3 Deirdre. Fuaireamar cúig bholb agus tá muid chun feachaint orthu ag athrú sa rang.

Tá súil againn saolré an fhéileacáin a fheiceáil thar tréimhse cúig seachtaine.

                                                               

Freisin, don ealaín an tseachtain seo rinneamar uisceadáin lán d'éisc.

                                                                

 

 

Rang a Trí - Múinteoir Siobhán

Tá go leor scríbhneoireacht ar siúl i Rang a 3 Siobhán le deanaí idir an tionscnamh 'Our class book' agus an tionscnamh 'Scríobh leabhair'. Seo sracfeachaint ar clúdach ár leabhar álainn. Tá sé imithe chuig na foilsitheoirí faoi láthair agus táimid ag súil go mór leis an leabhar críochnaithe a fhéiceáil.

Ghlac Rang a 3 Siobhán páirt i tionscnamh ‘Scríobh leabhar’ i mbliana. Séard atá i gceist leis an tionscnamh seo ná deis luachmhar a thabhairt do phaistí bunscoile scéal i nGaeilge a scríobh, a dhréachtadh agus a athdhréachtadh agus ar deireadh é a chur le chéile i bhfoirm leabhair nó i bhfoirm dhigiteach. Déantar na leabhair a mhalartú ansin le scoil eile agus roghnaítear buaiteoirí ar leith. Is iontach an deis é do páistí snas agus slacht a cuir ár a gcuid scileanna scríbhneoireachta agus bíonn leabhair áille, mhaisithe acu ag deireadh an phróisis. Roghnaíodar Cóilí de Standúin agus Maitiú O'Domhnaill ó Rang a 3 Siobhán. Comhghairdeas buachaillí.